Publications Office of the EU
EU mobile apps - Maidir leis an Oifig Foilseachán
DisplayCustomHeader
Dockbar
BEARTAS PRÍOBHÁIDEACHAIS: aipeanna móibíleacha

BEARTAS PRÍOBHÁIDEACHAIS

AN DÓIGH A LÁIMHSEÁILTEAR DO SHONRAÍ

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do phríobháideachas an úsáideora a chosaint.

An beartas maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí an Aontais, tá sé bunaithe ar Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Ní dhéanaimid do shonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil ná a nochtadh tríd an aip mhóibíleach seo.

AN DÓIGH A nDÉANAIMID NA RÍOMHPHOIST A SHEOLANN TÚ CHUGAINN A LÁIMHSEÁIL

Nuair a sheolann tú ríomhphost nó iarratas, ní phróiseáiltear do shonraí pearsanta ach a mhéid is gá chun freagra a thabhairt ort. Mura féidir leis an bhfoireann bainistíochta do cheist a fhreagairt, cuirfidh sí do ríomhphost ar aghaidh chuig seirbhís eile. Cuirfear ar an eolas thú, le ríomhphost, faoin tseirbhís ar cuireadh do cheist ar aghaidh chuici.

Má tá ceist ar bith agat maidir le próiseáil do ríomhphoist agus na sonraí pearsanta a bhaineann léi, ná bíodh aon drogall ort iad a chur isteach le do theachtaireacht.

Tá próiseáil sonraí pearsanta ag ár nDeasc Chabhrach cumhdaithe ag ráiteas príobháideachais agus tugadh fógra maidir leis an bpróiseáil shonrach sin d’Oifigeach Cosanta Sonraí agus an uimhir thagartha seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-00493

Is é Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin a fhoilsíonn an clár de gach oibríocht ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta.

Féadfaidh tú rochtain a fháil ar an gclár ag an nasc seo a leanas: http://ec.europa.eu/dpo-register.

SONRAÍ TEAGMHÁLA

Má tá aon rud ba mhaith leat a lua, nó má bhíonn ceist, údar imní nó gearán agat, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn; seo thíos na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: OP-MOBILE-APPS@publications.europa.eu.