DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT
Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin gcaoi a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.
An oibríocht phróiseála: EU Whoiswho – Eolaire Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
Rialaitheoir Sonraí: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, aonad A.5, ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’
Tagairt taifid: DPR-EC-00447
Clár ábhair
- Réamhrá
- Cén fáth agus cén dóigh a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
- Cé na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
- Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?
- Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
- Cén dóigh a ndéanfaimid do shonraí pearsanta a chosaint agus a choinneáil slán?
- Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
- Cé na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?
- Sonraí teagmhála
- Cá háit a bhfuil eolas níos mionsonraithe le fáil?
1. Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad arna dtabhairt a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an dóigh a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat ó thaobh do shonraí pearsanta de. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála ‘EU Whoiswho - Eolaire Oifigiúil an Aontais Eorpaigh’ rud a dhéanann aonad A.5, ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
2. Cén fáth agus cén dóigh a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
Cuspóir na hoibríochta próiseála: Is amhlaidh a bhailíonn agus a úsáideann aonad A.5 ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh do shonraí pearsanta lena bhfoilsiú in ‘EU Whoiswho’ https://op.beta.msop.spikeseed.cloud/web/who-is-who.
Is éard atá i gceist leis an oibríocht phróiseála an t-eolaire oifigiúil de na baill foirne atá ag obair in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na feisirí den Pharlaimint agus grúpaí eile, a chur ar fáil go poiblí.
Ní úsáidtear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
3. Cé na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Is ar na cúiseanna seo a leanas a dhéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil:
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe do na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh;
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.
- An bunús dlí atá leis an bpróiseáil: sainordú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh; agus Airteagal 15 CFAE (oibleagáid trédhearcachta).
4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?
Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn aonad A.5 ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:
Baill foirne an Choimisiúin a bhfuil post bainistíochta acu: sloinne agus céadainm agus uimhir ghutháin. foireann inmheánach rúnaíocht na Parlaiminte (bainistíocht amháin): sloinne agus céadainm, uimhir theileafóin agus seoltaí. I gcás bhaill foirne eile an Aontais Eorpaigh lena mbaineann, is iad na hinstitiúidí ar leith den Aontas a roghnaíonn cé na sonraí a bhailítear.
I gcás na n-ábhar sonraí sin, liostaítear an seoladh oibre cineálach (foirgneamh), an seoladh ríomhphoist cineálach agus uimhir ghutháin lárnach na heagraíochta.
Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, Comhaltaí de rúnaíochtaí ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa, Comhaltaí de Choiste Buanionadaithe na Comhairle, Comhaltaí den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, Cinn Thoscaireachtaí agus Oifigí an Aontais: d’fhéadfadh céadainm iomlán, seoladh ríomhphoist agus seoladh oifige iomlán, uimhir ghutháin agus grianghraf den duine a bheith san áireamh sna sonraí sin freisin.
Faighimid do shonraí pearsanta ó d’aonad/do roinn atá i gceannas ar acmhainní daonna, trí aistriú sonraí uathoibrithe nó leath-uathoibrithe. .
Is faoi rogha gach institiúide, comhlachta, oifige agus gníomhaireachta rannpháirtí de chuid an Aontais atá sé na sonraí a roghnú lena bpróiseáil.
Tá forléargas iomlán ar na catagóirí sonraí ar fáil san iarscríbhinn ‘Réimsí sonraí EU Whoiswho’
5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
Coinníonn aonad A.5 ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh do shonraí pearsanta go ceann na tréimhse is gá chun críoch an bhailiúcháin nó na próiseála ina dhiaidh sin, is é sin chun eolaire cothrom le dáta a choinneáil de bhaill foirne an Aontais Eorpaigh in ‘EU Whoiswho’. Má athraíonn tú do phost laistigh de sheirbhísí an Aontais Eorpaigh, léireofar an méid sin ar eolaire EU Whoiswho tar éis moill ghearr. Má fhágann tú seirbhísí an Aontais Eorpaigh, bainfear do shonraí pearsanta d'eolaire EU Whoiswho tar éis moill ghearr.
Tráth ar bith, déantar do shonraí pearsanta a chartlannú i mbunachar sonraí neamhphoiblí, agus scriosfar na sonraí tar éis 5 bliana.
Diomaite de shuíomh gréasáin ‘EU Whoiswho’, táirgeann Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh na leaganacha seo a leanas:
- Leagan bliantúil den eolaire iomlán (PDF), rud a choinnítear sa rannán ‘Cartlann’ ar an suíomh gréasáin (https://op.beta.msop.spikeseed.cloud/ga/web/who-is-who/archive) agus a choinnítear ann chun críoch stairiúil.
- Sleachta démhíosúla in aghaidh na hinstitiúide den Aontas Eorpach (PDF). Ós rud é go ndéantar na sleachta a nuashonrú go rialta, forscríobhann gach leagan nua an leagan a bhí ann roimhe sin (nach bhfuil curtha sa chartlann).
- Ina theannta sin, cuirtear sonraí ‘EU Whoiswho’ ar fáil lena n-íoslódáil ó Thairseach Sonraí Oscailte an Aontais Eorpaigh (https://data.europa.eu/ga).
6. Cén dóigh a ndéanfaimid do shonraí pearsanta a chosaint agus a choinneáil slán?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le cúrsaí slándála ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus leis na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla atá ann, tá rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú ionas nach mbíonn rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil riachtanas eolais dlisteanach acu chun críocha na hoibríochta próiseála sin.
7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tabharfar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe rúndachta breise. Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí.
Tá an t-eolaire seo ar fáil go poiblí ar https://op.beta.msop.spikeseed.cloud/ga/web/who-is-who.
8. Cé na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, iad a cheartú nó iad a scriosadh, agus an ceart chun srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat freisin agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás coinbhleachta, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt(í) taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.
9. Sonraí teagmhála
- An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, aonad A.5, ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh ag an seoladh OP-DATA-PROTECTION-COORDINATOR@publications.europa.eu.
- Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do chuid sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
Is féidir dul i dteagmháil le Comhordaitheoir Cosanta Sonraí Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh ag an seoladh seo: OP-DATA-PROTECTION-COORDINATOR@publications.europa.eu
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. is féidir gearán a dhéanamh leis) ag an seoladh edps@edps.europa.eu má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.
10. Cá háit a bhfuil eolas níos mionsonraithe le fáil?
Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl do OCS. Tá an clár le fáil ag an nasc seo a leanas: : http://ec.europa.eu/dpo-register.
Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00447.